Eolas faoin gclár maoiniúcháin Erasmus+
Is é Erasmus+ an clár atá ag an Aontas Eorpach chun tacú leis an oideachas, an oiliúint, an óige agus an spórt. Buiséad thart ar €26.2 billiún atá curtha ar fáil don chlár sa tréimhse 2021–2027 agus leis sin tugtar deiseanna do na milliúin rannpháirtithe staidéar, oiliúint nó obair dheonach a dhéanamh agus taithí a fháil thar lear.
Le clár 2021-2027, cuirtear béim láidir ar an gcuimsiú sóisialta, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, agus rannpháirtíocht na hóige sa saol daonlathach.
Chomh maith le deontais a thairiscint, faoi Erasmus+ tacaítear leis an teagasc, taighde, líonrú agus díospóireacht ar chúrsaí beartais faoi ábhair a bhaineann leis an Aontas Eorpach freisin. Faoi chaibidil an spóirt, cuirtear spórt an phobail chun cinn freisin.
Daoine Aonair
Deiseanna do dhaoine aonair, atá dírithe go sonrach ar mhic léinn, foghlaimeoirí, baill foirne, oiliúnaithe, múinteoirí agus oibrithe deonacha, is féidir teacht ar na deiseanna sin as áit ar bith ar domhan.
Eagraíochtaí
Tá rannóg ann freisin atá dírithe ar dheiseanna d'eagraíochtaí ar mian leo deiseanna forbartha agus líonraithe a fhiosrú le hollscoileanna, soláthraithe oideachais agus oiliúna, meithleacha machnaimh, eagraíochtaí taighde agus gnólachtaí príobháideacha.