Jump to content

Edgar Rice Burroughs

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEdgar Rice Burroughs

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Meán Fómhair 1875
Chicago, Illinois Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Márta 1950
74 bliana d'aois
Encino, California Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaTarzana Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadamh Phillips
Acadamh Míleata Michigan (–1895) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmúrscéalaí, scríbhneoir próis, scríbhneoir litríocht pháistí, scríbhneoir ficsean eolaíochta, scríbhneoir scripte, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1912 –  1950
SeánraFicsean eolaíochta, fantaisíocht, úrscéal eachtraíochta, planetary romance (en) Aistrigh, sword and planet (en) Aistrigh agus scéalta buachaillí bó
TeangachaBéarla Meiriceánach agus Béarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Stát Aontaithe
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileFlorence Gilbert (1935–1941), colscaradh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJohn Coleman Burroughs Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGeorge Tyler Burroughs  agus Mary Evaline Zieger
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinedgarriceburroughs.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0123194 Allocine: 179105 Allmovie: p158906 TV.com: people/edgar-rice-burroughs IBDB: 78746
Musicbrainz: e830c60f-5406-43ca-9e22-7b3bce6399af Discogs: 2123807 Find a Grave: 152 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Meiriceánach ab ea Edgar Rice Burroughs a scríobhadh úrscéalta den chineál éadrom. Ó pheann Bhurroughs a tháinig an dá charachtar dodhearmadta, Tarzan, rí na n-ápaí agus tiarna na dufaire, agus John Carter, tiarna cogaidh Mharsa.

Saolaíodh Burroughs i Chicago ar 1 Meán Fómhair 1875, agus bhásaigh sé in Encino (California) ar 19 Márta 1950.

Mac le fear gnó a bhí ann a chuaigh leis an tsaighdiúireacht mar ghléas beo ar dtús. Theip an tslí bheatha seo air, áfach, nó siúd is gur chaith sé seal ag staidéar in Acadamh Míleata Michigan, ní bhfuair sé cead isteach i scoil West Point. Mar sin féin, liostáil sé san Arm agus chuaigh sé ar fiannas sa seachtú reisimint de mharcshlua na Stát Aontaithe in Arizona. D'éirigh sé as an tsaighdiúireacht sa bhliain 1897, áfach, ó tháinig sé chun solais go raibh fabht ina chroí nach ligfeadh dó coimisiún oifigigh a fháil.

Ina dhiaidh sin, choinníodh Burroughs bia leis féin ag spailpínteacht anseo agus ansiúd, agus ansin, chuaigh sé ag obair do ghnó a athara sa bhliain 1899. Phós sé Emma Centennia Hulbert sa chéad bhliain eile. Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh sé le spailpínteacht arís, in Idaho agus arís sa bhaile i Chicago.

Clúdach an leabhair Tarzan of the Apes.

Scríbhneoireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Burroughs ag saothrú a choda ag díol bioraitheoirí peann luaidhe, nuair a thosaigh sé ag cumadh scéalta. Bhí sé thar a bheith míshásta leis na scéalta a léadh sé ar na hirisí garrfhicsin a raibh ráchairt na ndaoine orthu ag an am, roimh theacht na scannán agus na teilifíse, agus faoi dheireadh, chinn sé ar an scéalaíocht a mhúineadh dóibh siúd a bhí i mbun na hoibre roimhesean.

Sa bhliain 1912, cuireadh an chéad sraithscéal óna pheann i gcló ar an iris All-Story. Ba é sin Under the Moons of Mars, a foilsíodh mar leabhar ina dhiaidh sin faoin teideal The Princess of Mars. Ba é seo an chéad scéal faoi John Carter.

Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh Burroughs leis an scríbhneoireacht mar obair lánaimseartha, agus tháinig an chéad leabhar faoi Tarzan ar pár sa bhliain chéanna. Ba é Tarzan ba mhó a thuill clú dó mar scríbhneoir, ach thairis sin, scríobh sé cuid mhór scéalta ficsin eolaíochta nach raibh baint acu le Tarzan ná le John Carter.

Ba é Tarzan an laoch ba cháiliúla a bhí ag Burroughs. Nuair a tuigeadh do Burroughs cé chomh tugtha a bhí na léitheoirí do Tarzan, d'fhéach sé le leas a bhaint as Tarzan ar gach aon bhealach, idir scannáin, ghreannáin (coimicí) agus deismireáin. D'iompaigh Tarzan ina bhrainse tionsclaíochta ann féin, agus is íocón cultúrtha é i gcónaí. Sa bhliain 1923, bhunaigh Burroughs a ghnólacht féin, Edgar Rice Burroughs, Inc., agus de réir a chéile, thosaigh sé ag foilsiú agus ag clóbhualadh a chuid leabhar féin.

Is é is ciall don ainm sin Tarzan ná "craiceann bán" i "dteanga na n-ápaí" a samhlaíodh don scríbhneoir. I dtús an chéad úrscéal rinne tuismitheoirí Tarzan longbhriseadh ar chósta na hAfraice, agus ba iad "na h-ápaí móra", na Mangani, a d'uchtaigh an leanbh nuair a fuair na tuismitheoirí bás. Mar sin, d'fhás Tarzan aníos i measc na n-ápaí agus d'fhoghlaim sé nósanna fiáine na dufaire uathu. Chaith sé blianta a óige sa dufair, ach nuair a chuir sé aithne ar na daoine daonna, tháinig sé ar an gcinneadh de réir a chéile go raibh sé níos fearr dó maireachtáil i measc lucht a chomhchine. Ní maith leis saol na ndaoine i ndiaidh an iomláin, agus sa deireadh thiar filleann sé go dtí an Afraic in éineacht lena bhean Jane Porter agus a mhac Jack "Korak".

Is é is fíorainm do Tarzan ná John Clayton, Tiarna Greystoke agus Passmore, agus nuair a chónaíonn sé san Afraic, bíonn sé ag comhoibriú leis na Sasanaigh. Mar sin níl sé ag cur in aghaidh an Impiriúlachais ar aon nós, cé go ndéanann sé criticeoireacht ar bhrúidiúlacht na mBeilgeach sa Chongó. Tá sé ina thaoiseach ar threibh na Waziri, ach tá taoiseach eile ag an treibh, an seanfhear críonna úd Muviro.

I dtús na sraithe ní raibh Tarzan ina neach chomh hosdaonna is mar a bhí sé ní ba dheireanaí, ó bhí teach agus teaghlach aige. Na heachtraí a bhí aige bhí siad ní ba réadúla sna luathleabhair. Sampla maith de seo is ea Tarzan and the Golden Lion, an naoú leabhar sa tsraith. Sna leabhair dheireanacha castar iarsmaí de sheanimpireachtaí ar Tarzan san Afraic, cosúil leis an dá chathair Rómhánacha san úrscéal Tarzan and the Lost Empire, agus iad ag cur cogaidh ar a chéile.

Cé gur gnách na húrscéalta faoi John Carter a aicmiú mar fhicsean eolaíochta, is fearr a rá gur scéalta fantaisíochta iad den chineál ar a dtugtar "scéalta claímh agus draíochta", sword and magic i mBéarla. Oifigeach de chuid an Deiscirt i gcogadh cathartha na Stát Aontaithe é John Carter; i ndiaidh an chogaidh cromann sé ar shirtheoireacht óir, ach faigheann sé é féin faoi léigear ag na hApaisigh (bhí Burroughs féin ina oifigeach marcshlua ina fhear óg dó, agus é ag cur cogaidh ar na hApaisigh) agus déanann sé léim dhraíochta go Mars, nó Barsoom i dteanga an phláinéid féin.

Ar Bharsoom dó castar Marsaigh Uaine air ar dtús. Cine iad a bhfuil craiceann uaine agus ceithre lámh acu, agus iad an-chruálach ag cur cogaidh. Is é an claíomh an t-arm is fearr le farairí an chine seo, cosúil leis na ciníocha eile dáiríre. An treibh de na Marsaigh uaine is túisce a bhuailtear ar John Carter is iad "muintir Thark" iad, nó is í an chathair thréigthe úd Thark is príomh-bhunáit don treibh.

San úrscéal úd A Princess of Mars cuireann John Carter aithne ar Tars Tarkas, fear de thaoisigh mhuintir Thark, agus cuidíonn sé le Tars Tarkas impire brúidiúil drúisiúil na treibhe, Tal Hajus, a chloí agus a mharú, agus is é is deireadh don scéal seo ná go ngairtear impire nua, nó jeddak de Tars Tarkas. Maidir leis an mbanphrionsa, is í Dejah Thoris í. Is í banphrionsa an chathairstáit úd Helium í, agus í ina príosúnach ag muintir Thark. Tugann John Carter grá di, agus pósann siad nuair a thagann siad a fhad le Helium.