Fisiceoir is scríbhneoir eolaíochta a rugadh in Odessa na hÚcráine ab ea George Gamow (4 Márta1904 – 19 Lúnasa1968). Sa bhliain 1933 d'éirigh leisean agus lena bhean chéile imeacht ón Aontas Sóivéadach chun freastail ar chomhdháil eolaíochta sa Bhruiséil. D'fhan siad san Iarthar. Ón mbliain 1934 i leith d'oibrigh sé sna Stáit Aontaithe. Chuidigh sé i 1948 le forbairt theoiric na hOllphléisce, agus i 1953 le hanailís shamhlach dé-héilicse don DNA. Fuair sé bás i mBoulder, Colorado, i Meiriceá.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol a bhaineann leis an Úcráin é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.