Miailin
Cuma
Ábhar bog bán, coimpléasc lipidí is próitéiní, a dhéanann truaill ilchisealach inslithe timpeall ar acsóin le trastomhais mhóra de na néaróin i veirteabraigh is crústaigh. Méadaíonn sé seo luas seolta an phoitéinseal gníomhaithe ar feadh an acsóin. Má tharlaíonn dianscaoileadh céimnitheach na truaille, mar a tharlaíonn i scléaróis iolrach dhaonna, is é an toradh ná réabadh an tseolta normálta sna néaróin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Miailin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 451.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |