Forléargas
Gach eolas, i mbeagán focal, faoi ghníomhaíocht cosanta tomhaltóirí COVID-19 i gcoinne camscéimeanna agus cleachtais éagóracha.
- 3 AIBREÁN 2020
Comhairle do thomhaltóirí agus do thrádálaithe*
Ba cheart do thomhaltóirí a bheith go mór ar an airdeall agus iad ag déanamh siopadóireacht ar líne, agus ba cheart do thrádálaithe a bheith go hiomlán ar an eolas faoi na rialacha. Na seiceálacha a rinne na húdaráis náisiúnta um Chomhar maidir le Cosaint Tomhaltóirí (CPC) le déanaí, is iad seo a leanas na nithe a léirigh siad; úsáideann trádálaithe bradacha bealaí éagsúla chun tomhaltóirí a mhealladh; tá méid mór táirgí ann a mhaíonn, go bréagach, gur féidir leo ionfhabhtuithe COVID-19 a leigheas nó a chosc nó a bhfuil deimhnithe comhréireachta bréagacha acu; agus i gcásanna áirithe, úsáideann calaoiseoirí tairiscintí chun seoltaí ríomhphoist agus pasfhocail a ghoid.
I gcás ina dtagann tomhaltóirí ar thairiscintí gan bhunús nó ar thairiscintí amhrasacha ar ardáin ar líne, ba cheart dóibh úsáid a bhaint as na huirlisí tuairiscithe a chuireann an t-oibreoir ardáin ar fáil nó dul i dteagmháil leis na húdaráis náisiúnta inniúla nó le heagraíochtaí tomhaltóirí. D'fhoilsigh Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí (ECC) eolas do thomhaltóirí a bhaineann le COVID-19 agus cuireann siad tacaíocht ar fáil do thomhaltóirí. Féadfaidh an córas Safety Gate cuidiú chun earraí contúirteacha a aimsíodh san Aontas a shainaithint.
Is féidir le tomhaltóirí eolas ginearálta a chuaradh ó fhoinsí údarásacha a gcuireann go leor oibreoirí ardáin agus gréasáin nasc chucu ar an suíomh gréasáin acu féin chun cuidiú le tomhaltóirí eolas nó maíomh bréagach i ndáil le paindéim COVID-19 a shainaithint.
Conas camscéimeanna féideartha a shainaithint agus tú ag déanamh siopadóireacht ar líne?
San Aontas, ní mór do thrádálaithe a gcéannacht agus a sonraí teagmhála a chur ar fáil: mura bhfuil fáil éasca ar an eolas sin, ba cheart do thomhaltóirí féachaint ar shiopadóireacht a dhéanamh ar shuíomh eile.
Bí airdeallach ar bhotúin litrithe ar nós “C?V?D?19”, “cor/na?vir?s”: is minic a úsáidtear iad sin chun nach mbraithfidh algartaim oibreoirí gréasáin iad. Léigh seoltaí gréasáin agus teideil na leathanach go cúramach, agus seachain úsáid a bhaint as leathanaigh a bhfuil mílitriú córasach orthu.
Cuimhnigh nach bhfuil aon fhianaise eolaíoch ann faoi láthair a deir gur féidir le haon bhia ná forbhia ionfhabhtuithe COVID-19 a leigheas ná a chosc.
Ní mór cur síos i dtéacs beacht sothuigthe a bheith le feiceáil go soiléir ar tháirgí: ba cheart do thomhaltóirí a bheith cúramach nuair a fheiceann siad gnéithe poiblíochta ar nós:
- sluáin a fheictear go minic i gcomhthéacs na paindéime, e.g. “#Stay safe”, “fan sa bhaile”, “scaradh sóisialta”;
- íomhánna de víreas taobh le híomhá den táirge;
- formhuinithe ó na grúpaí seo a leanas, agus ainm nó lógó á lua:
- dochtúirí, gairmithe sláinte, agus saineolaithe eile;
- ealaíontóirí, lúthchleasaithe, blagálaithe nó daoine cáiliúla eile;
- údaráis rialtais, saineolaithe oifigiúla nó institiúidí idirnáisiúnta;
- ailt nuachta, athbhreithnithe acadúla agus ábhar eile a chuirtear i láthair ar nós gur tháinig sé ó fhoinsí údarásacha;
Ba cheart do thomhaltóirí teicnicí teanndíola a aithint agus botúin cheannaigh a sheachaint, ar nós:
- táirgí a fhógraítear mar “dheis uathúil”
- táirgí a mhaíonn gurb é “an t-aon táirge a sholáthraíonn cosaint éifeachtach”, “an t-aon fearas tástála le húsáid sa bhaile” nó táirgí a dhíoltar “ag an bpraghas is lú ar an margadh”;
- táirgí a mhaíonn go bhfuil easpa mhór ann ar nós “inniu agus inniu amháin a bheidh sé le fáil”, nó go mbeidh “deireadh díolta go luath”
- táirgí a bhfuil lascaine mhór orthu.
Níor cheart coinníollacha an mhargaidh a chur i láthair go bréagach:
- ba cheart do thomhaltóirí a bheith cúramach faoi phraghsanna atá i bhfad os cionn an ghnáthphraghais atá ar tháirgí den chineál céanna;
- ba cheart do thomhaltóirí níos mó ná aon suíomh gréasáin amháin a sheiceáil chun tuiscint a fháil ar mheánphraghsanna;
- ba cheart do thomhaltóirí a bheith ar an eolas go ndearna an rialtas i roinnt tíortha rialú ar phraghas táirgí a bhfuil éileamh mór orthu, ar nós maisc chosanta agus/nó glóthach dhíghalraithe.
*Nuashonraithe an 26 Bealtaine 2020 tar éis torthaí ó chuardach scagtha ar ardáin agus ar fhógraí ar líne a seoladh an 30 Aibreán 2020.
Comhsheasamh
De réir mar a scaipeann an víreas nua ar fud na hEorpa, tá táirgí ar nós masc cosanta, caipíní agus díghalráin lámh á bhfógairt agus á ndíol ag trádálaithe bradacha, táirgí a mhaítear a chuireann cosc ar ionfhabhtú nó a leigheasann é. Is ar mhaithe leis an leas ginearálta é timpeallacht shábháilte ar líne a chinntiú, timpeallacht ina mbraitheann tomhaltóirí, go háirithe i bhfianaise chorraíl na géarchéime atá ann faoi láthair, go bhfuil cosaint mhaith acu ar aon chleachtas neamhdhleathach a d’fhéadfadh a sláinte a chur i mbaol.
An 20 Márta 2020, le tacaíocht ón gCoimisiún, d’eisigh údaráis cosanta tomhaltóirí na mBallstát Comhsheasamh an Ghréasáin um Chomhar maidir le Cosaint Tomhaltóirí (CTC) i dtaca le COVID-19 i dtaca leis na camscéimeanna agus na cleachtais éagóracha is mó tuairiscithe sa chomhthéacs sin. Is é is cuspóir dó iarraidh ar oibreoirí ardáin ar líne cleachtais neamhdhleathacha a shainaithint ar bhealach níos fearr, na cleachtais sin a bhaint anuas agus cosc a chur ar chleachtais den chineál céanna a bheith á gcleachtadh arís eile, sin agus cuidiú leis na hoibreoirí chuige sin ar fad.
- 20 MÁRTA 2020
Na litreacha a seoladh chuig ardáin ar líne
An 23 Márta 2020, scríobh Didier Reynders, an Coimisinéir um Cheartas agus Tomhaltóirí, chuig roinnt ardáin, innill chuardaigh agus margaí agus chuig na meáin shóisialta freisin chun a gcomhar a iarraidh i dtaca le camscéimeanna a bhaint anuas dá n-ardáin, i bhfianaise an chomhsheasaimh a mhol gréasán CTC. Thug na hardáin freagra ar iarraidh an Choimisinéara maidir le bheith ag obair i gcomhar le chéile agus is mór aige a dhearfaí a bhí siad faoi. Tá an Coimisiún agus na hardáin go fóill ag roinnt eolais ar bhonn leanúnach. Is féidir teacht ar na freagraí a thug siad thíos.
- 3 AIBREÁN 2020
- 29 AIBREÁN 2020
Na freagraí a fuarthas ó ardáin ar líne, na bearta a rinneadh san áireamh
- 3 AIBREÁN 2020
- Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí
Complete list.
- Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí
Complete list.
Cuardach scagtha ar ardáin agus ar fhógraí ar líne
An 30 Aibreán 2020, faoi chomhordú an Choimisiúin, rinne gréasán CPC cuardach scagtha forleathan ar tháirgí a bhaineann leis an gcoróinvíreas agus atá fógartha ar shuíomhanna gréasáin agus ar ardáin ar líne. Tá tuilleadh sonraí faoin gcuardach scagtha ar fáil sa doiciméad achoimre thíos. Léiríonn na príomhthorthaí go bhfuil trádálaithe bradacha fós ag cur tomhaltóirí amú le cleachtais neamhdhleathacha éagsúla ach tá bearta á ndéanamh ag ardáin ar líne chun aghaidh a thabhairt air sin. Leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh ag cur tomhaltóirí ar an eolas nuair is gá trí chomhairle cothrom le dáta do thomhaltóirí agus do thrádálaithe.
Rinne an gréasán CTC an cuardach scagtha ardleibhéil ar ardáin ar líne an athuair i mí an Mheithimh agus léirítear sna torthaí is déanaí gur aimsigh údaráis CTC fós, i roinnt cásanna, líon nach beag tairiscintí agus fógraí ar ardáin a d'fhéadfadh a bheith míthreorach maidir le COVID-19. Cé go dtugtar le fios sna tuarascálacha ó na móroibreoirí ardáin go bhfuil laghdú tagtha ar líon na dtairiscintí den chineál sin, leanann údaráis CTC den dlúth-idirphlé leis na hardáin ar líne sin agus tá siad fós airdeallach fúthu.
- 29 AIBREÁN 2020
Cúlra
Leis an Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagóracha cuirtear cosc ar chleachtais tráchtála a chuireann dallamullóg ar thomhaltóirí faoi na sochair nó faoi na torthaí ar féidir a bheith ag súil leo ach táirge ar leith a úsáid; nó nuair a mhaíonn trádálaí gur féidir le táirge tinneas a leigheas nó nach bhfuil an táirge le fáil ach ar feadh tréimhse an-teoranta nuair nach fíor sin. I gcás ina maíonn trádálaí gur féidir lena tháirge tinneas a leigheas, ní mór dó a bheith ullamh chun an fhianaise chuí a thabhairt ar chruinneas an mhéid a mhaígh sé. I gcomhréir le ceanglas an díchill ghairmiúil faoin Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagóracha agus faoi Threoir 2000/31/CE, ba cheart d’oibreoirí ardáin atá gníomhach san Aontas bearta ceartaitheacha cuí a dhéanamh nuair is eol dóibh aon ghníomhaíocht neamhdhleathach a bheith ar siúl ar a suíomhanna gréasáin. Le tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach, déanann gréasán CCT imscrúdú ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith déanta ar na rialacha sin agus déanann sé na bearta forfheidhmithe comhordaithe is gá ina leith.