Jump to content

Saddam Hussein

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSaddam Hussein

(2004) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ar) صدام حسين Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Aibreán 1937
Al-Awja (Ríocht na hIaráice)
Bás30 Nollaig 2006
69 bliana d'aois
Kadhimiya, An Iaráic Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Crochadh)
Áit adhlacthaAl-Awja Cuir in eagar ar Wikidata
Príomh-Aire na hIaráice
29 Bealtaine 1994 – 9 Aibreán 2003
← Ahmad Husayn Khudayir as-SamarraiMohammad Bahr al-Ulloum →
Uachtarán na hIaráice
16 Iúil 1979 – 9 Aibreán 2003
← Ahmed Hassan al-BakrCoalition Provisional Authority (en) Aistrigh →
Príomh-Aire na hIaráice
16 Iúil 1979 – 23 Márta 1991 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaBa'athism (en) Aistrigh
ReiligiúnAn tIoslam Sunnaíoch
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Chaireo - dlí (1960–)
Ardscoil Chaitliceach Nolan Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheAs-Salam Palace (en) Aistrigh
Airde184 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Dath súileDonn
Dathán gruaigeGruaig dhubh
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, úrscéalaí, scríbhneoir, saighdiúir, réabhlóidí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1957 –  2003
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Baath Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtBa'athism (en) Aistrigh, náisiúnachas Arabach, sóisialachas Arabach agus Saddamism (en) Aistrigh
TeangachaAn Araibis
Gairm mhíleata
Brainse míleataFórsaí Armtha na hIaráice agus Republican Guard (en) Aistrigh
Céim mhíleatamarascal Cuir in eagar ar Wikidata
I gceannas arFórsaí Armtha na hIaráice
CoinbhleachtCogadh Iaráin - Iaráic, Invasion of Kuwait (en) Aistrigh, Cogadh na Murascaille, Cogadh na hIaráice, 1991 Iraqi uprisings (en) Aistrigh, Iraqi–Kurdish conflict (en) Aistrigh, 1983–1986 Kurdish rebellions in Iraq (en) Aistrigh agus Iraqi invasion of Iran (en) Aistrigh
Saothar
Saothar suntasach
Eile
CéileSajida Talfah (1958–2006)
Samira Shahbandar (1986–2006) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteUday Hussein
 ( Sajida Talfah)
Rana Hussein
 ( Sajida Talfah)
Qusay Hussein
 ( Sajida Talfah)
Hala Hussain
 ( Sajida Talfah)
Raghad Hussein
 ( Sajida Talfah)
Ali Hussein
 ( ) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHussein 'Abid al-Majid  agus Subha Tulfah al-Mussallat
Duine muintearthaKhairallah Talfah (deartháir máthar)
Ali Hassan al-Majid (male pure masculine first cousin (en) Aistrigh)
Mustapha Hussein (garmhac)
Hussein Kamel al-Majid (mac cleamhnais) Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh icoireacht in aghaidh na daonnachta
glanadh eitneach
cinedhíothú
coir chogaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0404010 Find a Grave: 17206247 Cuir in eagar ar Wikidata

B'é Saddām Hussein ʻAbd al-Majīd al-Tikrīt (28 Aibreán, 1937 - 30 Nollaig, 2006), uaireanta litrithe mar HusaynHussain; (Araibis: صدام حسين عبد المجيد التكريتي) uachtarán na hIaráice ó 1979 go 2005.

Teacht i gcumhacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Saddam chun cinn mar bhall de Pháirtí Ba'ath na hIaráice. Bhí páirt lárnach aige i Réabhlóid an 17ú Iúil sa bhliain 1968.

1980idí

Gan mórán moill, rinne Leas-Uachtarán de, faoi cheannasaíocht an Ghinearáil Ahmed Hassan al-Bakr. Bhí an Ginearál ag dul in aois agus bhí lán muinín aige as Saddam mar fhear láidir a choimeádfadh a chuid céilí comhraic agus naimhde ón doras.

Le linn na 1970idí, dhaingnigh sé a dhlúth-ghreim ar gach ní den rialtas agus chuir airgead nua ola le borradh as cuimse le geilleagar na tíre. Cé go raibh a chomh-Sunnaígh ach ina mionlach beag sa tír, orthu siúd a bhronn sé na poist ba mhó.

Cogadh Iaráin - Iaráic

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 22 Meán Fómhair 1980, rinne Saddam Hussein ionradh ar an Iaráin. Idir na blianta 1980-1988, maraíodh b'fhéidir 1,000,000 ar an dá thaobh[1]. Úsáideadh airm ceimiceacha ar shibhialtaigh, go háirithe i mBaşûr (An Chordastáin Theas san Iaráic).

Muintir Hussein - 1980idí

Thacaigh an tIarthar le Saddam Hussein.[2] Chuir an cogadh tús le breis imní i dtaobh soláthairtí ola agus thug sé spreagadh láidir maidir le dlús a chur le forbairt foinsí eile fuinnimh.[3]

Feabhra, 1991: Chuir fórsaí míleata Saddam Hussein olacheantair Chuáit le tine.

Cogadh na Murascaille

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh dó cogadh a throid i gcoinne na hIaráine, rinne Saddam Hussein, ionradh ar Chuáit in 1990. Spreag sé seo Cogadh na Murascaille in 1990-1991, cogadh a chaill an Iaráic.[4]

Bhí an bua ag na gComhguallithe ar an 28 Feabhra 1991, ach níor cuireadh an ruaig ar Saddam Hussein. Agus iad ag teith ó Chuáit, dhóigh na hIarácaigh a lán de na tobair ola atá go flúirseach sa tír seo.

Tar éis Cogadh na Murascaille, bhí cuid mhór daoine buartha go raibh Saddam Hussein go fóill ag leanúint leis ag tógáil airm ollscriosta.

Cogadh na hIaráice

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 19 Márta 2003 chuir an chomhghuaillíocht tús leis an gcogadh in aghaidh Saddam Hussein[5].

Rinne comhghuaillíocht ina raibh Stáit Aontaithe Mheiriceá sa diallait air ionradh ar an Iaráic chun Saddam a ruaigeadh as oifig. Bhí Uachtarán na Stáit Aontaithe George W. Bush agus Príomhaire na Breataine Tony Blair ag cur ina leith le fada an lae ach go míchruinn, go raibh airm ollscriosta ina seilbh aige, gan trácht ar nascanna le h-al-Qaeda

Gabháil agus bású

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Gabháil Hussein i Tikrit i 2005

Ar an 13 Nollaig 2003 ghabh trúpaí Mheiriceá Saddam Hussein.[6] Thosaigh triail os comhair Bhinse Speisialta na hIaráice ar 19 Deireadh Fómhair 2005, inar cúisíodh Saddam Hussein agus seachtar eile i gcoireanna in aghaidh na daonnachta i dtaca le Sléacht Dujail sa bhliain 1982.[7][fíoras?]

Ciontaíodh é agus gearradh pionós an bháis air ar an 5 Samhain 2006. Rinne Amnesty International agus grúpaí eile cáineadh géar, ag rá gur chuir an rialtas isteach ar na breithiúna agus go raibh srianta míchuí ar abhcóidí na gcosantóirí. Ina theannta sin, ba mhór an cáineadh a rinneadh ar an méid tionchair a bhí ag údaráis SAM ar thionscnamh agus ar riaradh na n-imeachtaí in aghaidh Saddam agus a chomh chosantóirí.

Crochadh Saddam i "Camp Justice", suite i Kazimain in aice le Bagdad ar 30 Nollaig 2006.[8] Crochadh é sular cuireadh tháinig triail eile chun críche, inar cúisíodh i gcinedhíothú é, i dtaobh fheachtas Anfal ag deireadh na 1980idí.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Iran-Iraq War | Causes, Summary, Casualties, & Facts" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2020-09-22.
  2. "United States support for Iraq during the Iran–Iraq War" (as en) (2020-09-19). Wikipedia. 
  3. "Committee Reports::Report No. 01 - Community Aid for Solid Fuel Production::08 February, 1984::Report". archive.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-09-22.
  4. ccea.org.uk. "Stair GCSE". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-02-06. Dáta rochtana: 2021.
  5. beo.ie, EAGRÁN 24 · AIBREÁN 2003
  6. "Trial of Saddam Hussein" (as en) (2020-10-04). Wikipedia. 
  7. Scoil Dlí, COBÁC. "Saddam" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-10-22.
  8. "Execution of Saddam Hussein" (as en) (2020-10-09). Wikipedia. 
  9. Amy Hagopian, Abraham D. Flaxman, Tim K. Takaro, Sahar A. Esa Al Shatari, Julie Rajaratnam, Stan Becker, Alison Levin-Rector, Lindsay Galway, Berq J. Hadi Al-Yasseri, William M. Weiss, Christopher J. Murray, Gilbert Burnham (15 DFómh 2013). "Mortality in Iraq Associated with the 2003–2011 War and Occupation: Findings from a National Cluster Sample Survey by the University Collaborative Iraq Mortality Study" (as en). PLOS Medicine 10 (10): e1001533. doi:10.1371/journal.pmed.1001533. ISSN 1549-1676. 
  10. "Casualties of the Iraq War" (as en) (2021-07-10). Wikipedia.